“Is fearr Gaeilge bhriste ná Béarla cliste”
Irish
Fáilte Isteach Go hIonad Ghaeilge Phobalscoil Choill an Chollaigh.
Sa scoil seo bíonn seans iomlán ag gach duine ard-chaigdeán Ghaeilge a bhaint amach. Cuirtear béim ar na scileanna go léir – ar an dteanga labhartha,ar éisteacht agus ar scríobh na Gaeilge. Is é meon na múinteoirí anseo ná gur cuid tábhachtach den chúltúr í an Ghaeilge. Déantar an-iarracht grá don Ghaeilge a chóthú sna daltaí.
Tugtar spreagadh do dháltaí féachaint ar TG4 agus éisteacht le Raidio na Gaeltachta chomh maith le nuachtáin Gaeilge a léamh. Cothaítear an tuiscint gur féidir dhátheangachas a bheith ag daoine óga agus gur cuid den todhchaí í an Ghaeilge. Mar a deir an seanfhocal “Tír gan teanga, Tír gan anam”.
Curaclam/ Curriculum
Leanann Roinn na Gaeilge na siollabais atá leagtha síos ag an Roinn Oideachais agus Scileanna. Is ábhar riachtanach í an Ghaeilge sa scoil seo. Déanann daltaí an Ghaeilge ag ardleibhéal agus ag gnáthleibhéal sa Teastas Sóisearach agus i scrúdú na hArdteistiméireachta. Déanann na daltaí clár Ghaeilge na hIdirbhliana. Leagtar béim ar leith ar labhairt na Gaeilge i ngach bliain ach go háirithe san Idirbhliain.
Teastas Sóisearach
Ardleibhéal | Gnáthleibhéal |
Ceapadóireacht | Ceapadóireacht |
Léamhthuiscint | Léamhthuiscint |
Cluastuiscint | Cluastuiscint |
Prós |
|
Filíocht |
|
Scrúdú Béil Roghnach |
|
Is féidir na siollabais a íoslódáil ó www.education.ie.
Modhanna Múinteoireachta/Teaching methodologies
Baintear úsáid as modhanna múinteoireachta éagsula sa scoil. Cuirtear béim i ngach rang ar cheithre scil: labhairt, cluastuiscint, leamhthuiscint agus scríobh. Deantar iarracht iad a tháthú le chéile sa mhéid is gur féidir.
Measúnú/Assessment
Tá measúnú chun foghlama an-tábhachtach chun aiseolas a sholáthar do dhaltaí ar conas a gcuid foghlama a fheabhsú. Seo iad a leanas na modhanna éagsúla a úsáidtear sa scoil chun measúnú chun foghlama a chur chun cinn sa scoil:
- cur i láthair
- tascanna daltaí
- tuairiscí saotharlainne,
- measúnú (ar obair) ó bhéal,
- tionscadail
- scrúduithe scríofa
- obair ó bhéal
- éisteacht
An Ghaeltacht:
Freastalaíonn daltaí ón scoil ar na coláistí samhraidh gach bliain.
Useful link:
Irish Summer Colleges: www.concos.ie